Erasmus+ Clica: Feachtasóirí Óga Aeráide don Mhargadh Glas Eorpach // Erasmus + CLICA: Young Climate Campaigners for the European Green Deal
GLAOCH AR RANNPHÁIRTITHE / CALL FOR PARTICIPANTS
Lonnaithe i gConamara, is eagraíocht í Imeall atá dírithe ar an gcúram comhshaoil, ar an ngníomhaíochas ealaíne agus ar an nGaeilge. Tá Imeall páirteach sa tionscadal Erasmus+ Clica: Feachtasóirí Óga Aeráide don Mhargadh Glas Eorpach, i gcomhar leis an Dr Mairéad Hurley (Coláiste na Tríonóide) agus an Dr Síle Denvir (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath). Mar chuid den tionscadal seo, ba mhaith linn grúpa d’ochtar daoine óga atá idir 18 agus 30 bliain d’aois a thabhairt le chéile. Beidh sé mar sprioc ag an ngrúpa seo feachtas ealaínbhunaithe a chruthú le gníomhacha aeráide i measc daoine óga i gceantair Ghaeltachta a chur chun cinn i 2024.
Ba cheart do bhaill an ghrúpa seo
• A bheith in ann cumarsáid a dhéanamh go líofa trí Ghaeilge
• Suim láidir a bheith acu sna healaíona - na healaíona traidisiúnta, na hamharcealaíona, na taibhealaíona, litríocht agus filíocht, ceardaíocht nó dearadh, ealaín dhigiteach & na meán ina measc.
• Suim láidir a bheith acu in aon cheann díobh seo a leanas a chur chun cinn: inbhuanaitheacht, cosaint an chomhshaoil, éiceolaíocht, bithéagsúlacht, gníomhachas aeráide.
Gheobhaidh na comhchruthaitheoirí óga:
• Deiseanna meantóireachta agus líonraithe le healaíontóirí agus le taighdeoirí seanbhunaithe
• Deiseanna maoinithe agus tacaíochta lena n-aischuir chruthaitheacha a léiriú in ionaid chultúrtha agus ag féilte
• Deiseanna cur lena gcuid eolais ar an athrú aeráide agus ar eolaíocht na hinbhuanaitheachta, ar phróisis dhaonlathacha agus ar ghníomhachas ealaínbhunaithe.
Cuirfear tús leis an tionscadal le lá inspioráide ar an Domhnach an 26ú Samhain i gConamara, ag POTA Café, An Tulach, Baile na hAbhann 11am – 5in agus leanfaidh sé ar aghaidh idir Eanáir agus Meitheamh 2024 le ceardlanna agus imeachtaí deireadh seachtaine (dátaí le socrú). Beidh ar an ngrúpa teacht le chéile ar líne ar an 14ú Samhain ag 17.00 (dáta le cinntiú), mar ullmhúchán don lá ionsparáide. Gheobhaidh baill an ghrúpa chomhchruthaithe seo €300 an duine as páirt a ghlacadh sa chuid seo den tionscadal, agus tabharfar tacaíocht dóibh iarratas a dhéanamh le chéile ar mhaoiniú breise mar chuid den tionscadal. Tabharfar tacaíocht do bheirt bhall den ghrúpa taisteal go dtí an Fhionlainn in Earrach 2024 le freastal ar cheardlann do rannpháirtithe óga ó thíortha eile atá páirteach i CLICA (Éire, an Iodáil, an Ghréig, an Spáinn, an Ungáir, an Chipir agus an Fhionlainn) leis an méid a bheidh foghlamtha acu faoin abhcóideacht ar son ceartas aeráide trí mheán na n-ealaíon i gceantair tuaithe agus imeallacha na hEorpa. Léireofar na haischuir chruthaitheacha ón tionscadal seo i samhradh 2024 ag féilte agus ag imeachtaí pobail.
Le hiarratas a dhéanamh a bheith mar chuid den ghrúpa seo seol ríomhphost roimh an 6ú Samhain chuig imeall.eu@gmail.com agus mínigh cén fáth ar mhaith leat páirt a ghlacadh sa tionscadal agus cén chaoi a gcuirfeá féin go pearsanta leis an ngrúpa agus leis an tionscadal. Is féidir leis an iarratas a bheith i bhfoirm ar bith is mian leat – físeán nó taifead fuaime (uasmhéid 3 nóiméad), nó píosa scríofa (uasmhéid 2 leathanach).
Ba cheart go mbeadh sé ar do chumas taisteal go Conamara ar an 26ú Samhain 2023. Roghnóidh coiste stiúrtha an tionscadail an grúpa agus beidh an éagsúlacht agus an ionchuimsitheacht lárnach sa phróiseas seo. Má tá aon cheist agat seol ríomhphost chuig imeall.eu@gmail.com
//
Imeall is a Conamara-based organisation aimed at promoting environmental care and activism through the arts and the Irish language.
Imeall is part of an Erasmus+ project CLICA: Young CLImate CAmpaigners for the European Green Deal, in collaboration with Dr Mairéad Hurley (Trinity College Dublin) and Dr Síle Denvir (Dublin City University). As part of this project, we would like to convene a core group of 8 young people aged between 18 and 30 who will co-create an arts-based campaign to promote climate action among young people in Gaeltacht areas in 2024.
Members of this group should
Communicate fluently though Irish
Have a strong interest in the arts - including but not limited to the traditional arts, visual arts, performing arts, literature and poetry, craft or design, digital & media art.
Have a strong interest in promoting any of all of the following: sustainability, environmental protection, ecology, biodiversity, climate action.
The youth co-creators will access networking and mentoring opportunities with established artists and researchers; receive funding and support to showcase the artistic outputs of this project in leading cultural venues and festivals; and an opportunity to deepen their knowledge of climate change and sustainability science, democratic processes and art-based activism.
The project will start with an inspiration day on Sunday November 26th at POTA Café, An Tulach, Baile na hAbhainn 11am - 5pm, and will continue between January and June with a number of weekend workshops and events (dates TBC). The group will be required to meet at least once online in advance of the November 26th event, on November 6th at 17.00 (TBC). The members of this co-creation group will each receive a stipend of €300, and will be supported to collectively apply for further funding as part of this project. Two members of this group will be supported to travel to Finland in Spring 2024 to attend a workshop for youth participants from across the CLICA countries (Ireland, Italy, Greece, Spain, Hungary, Cyprus and Finland) to share their learnings about advocating for climate justice through the arts in rural and peripheral areas of Europe. The outputs of this project will be showcased throughout summer 2024 at festivals and events.
To apply to be part of this group, by October 30th, please email an application to imeall.eu@gmail.com outlining why you would like to take part, how you meet the criteria above, and some attributes that you would bring to this group. Your application can take any format as long as it can be sent by email or WeTransfer - it could be a document (max 2 pages), a video or audio file (max 3 minutes), or some other format.
You should be available to travel to Conamara on November 26th, 2023. The group will be selected from the applicants by the project steering committee, and will aim to create as diverse and inclusive a cohort as possible. If you have any queries, please contact imeall.eu@gmail.com